By ticking "I agree" below you are agreeing to the use of cookies and to the terms and conditions of use as outlined above. These are also available on the End User Agreement page. For more information see our Privacy Policy.
Downloaded assets must be used in accordance with the DRI End User Terms and Conditions
Downloaded assets must be used in accordance with the DRI End User Terms and Conditions
Total number of assets (2)
This browser does not support viewing this file type. Please download the asset to view.
Transcript:
Bhí fear fadó ina chónaí i mBaile an Sceilg go nglaoidís Síoman na mBróg air. Agus
duine beag deas éadrom aerach ab ea é agus rinceoir maith. Do bhí mac aige agus is é
an ainm a ghlaoidís air Paidí Shíomain. Agus do bhí sé mar an athar, éadr-... mar an
athair, éadrom aerach ar an slí chéanna agus rince aige chomh maith.
Do bhí sé aon oíche ag máirseáil siar chun Buaile Uí Chuill agus do bheir níosa mó
dhon oíche air ná a cheap sé do bhí tagaithe. Ach do ghluaisigh sé ag teacht abhaile
agus do bhí sé deireanach. Do bhí air teacht go dtí an tigh... gabháil trí pháirc go
raibh leasachán inti. Agus é a ghabháilt thairis sin do chuala sé an ceol breá go
léir insa leasachán. Do sheasaimh sé tamall ag éisteacht leis. Ní fada a dh'fhéad sé
bheith ag éisteacht leis nuair a dhírigh sé ar rince. Agus do rinc sé babhta breá don
cheol. Agus ansan nuair a bhí a bhabhta rincthe aige do ghluais sé agus do tháini' sé
abhaile.
I gceann beagán aimsire ina dhiaidh sin do bhuail Paidí breoite agus ní raibh aon
teacht chun cinn aige. Do bhí a athair agus a mháthair ag tabhairt aire dhó agus iad
ag féachaint ina dhiaidh. Ach ní raibh sé ag teacht. Agus ba ghreannmhar leo é ná
raibh aon chúis aige ach ní íosfadh sé agus ní ólfadh sé aon ní uathu. Do bhí sé
mí-shásta leo. Ach nuair fhanadh fuíollach prátaí ina ndiaidh istoíche do thógaidís
an fuíollach agus do chuiridís ar phláta síos ar an ndriosúr iad. Ar maidin ní bhíodh
aon phráta le fáil pé áit 'á ngabhaidís. N'fheiceadh éinne ag imeacht iad in aon
chor. Ach ní thindeálfadh an saol an mac.
Do bhí Síoman í-... bhí Síoman cortha dhe agus deireadh sé nár mhac dó in aon chor é.
Deireadh sé nár mhac dó in aon chor é agus síofra do bhí aige. Ach do bhí sé ag faire
ina dhiaidh (...). Do shín sé oíche ar an raca. Agus do bhí sé sin sínte ar shop
insa chúinne agus an tine in aice leis agus Síoman sínte agus a cheann síos ar an
raca is a chosa suas chun na tine. Ba ghearr gur éirigh sé aniar as an leabaidh
(as an) gcúinne. Do shuigh sé agus do rug sé a dhá chois amach
chun na tine. Agus sé an port a bhí ar siúl aige:
Díocha deácha deó, Síoman na mBróg,
Nách ró-bhreá a rinceann sé thíos ar an mbord!"
Scaoil Síoman leis ach ansan nuair ba mhaith le Síoman é do chorraigh sé é féinig.
Agus níor (bheag san). Do shín an fear breoite... chaith sé é féin
sa chúinne, agus do dhírigh sé ar a bheith ag gearán.
Commentary:
Téann an chéad agus an dara cuid den insint seo isteach le chéile in aon scéal amháin atá ar cheann as sraith scéalta a bhaineann le hiarlaisí agus atá coitianta in Éirinn. Ba chréatúirí osnádúrtha iad na hiarlaisí a thóg áit duine daonna. In Éirinn, creideadh go forleathan gur iarlaisí a bhí i ndaoine nó i leanaí breoite, agus go raibh na sióga tar éis an duine féin a fhuadach. Ní in Éirinn amháin a géilleadh d'iarlaisí, agus is cosúil gur feiniméan Eorpach atá iontu. Tá gaol ag an scéal thuas leis an bhfinscéal imirceach ML 5085 The changeling. Féach Reider Th. Christiansen, The migratory legends (Helsinki, 1958). Tá anailís níos iomláine ar an scéal seo ina chomhthéacs Éireannach le fáil in Séamus Mac Philib, 'The changeling (ML5058): Irish versions of a migratory legend in their international context', Béaloideas 59 (1991), 123-31. Ar uairibh, chuireadh daoine dua millteannach orthu féin ina n-iarrachtaí an duine a fháil ar ais agus ghortaítí nó mharaítí iad uaireanta. Cás amháin a bhí go mór i mbéal an phobail ná bean darbh ainm Bridget Cleary, ar ceapadh gur iarlais í, agus a dódh ina beathaidh sa bhliain 1895. Féach Angela Bourke, The burning of Bridget Cleary (New York, 1999).
Translation:
Long ago there lived in Ballinskelligs a man they used to call Simon of the Shoes.
And he was a nice small light gay man and a good dancer. He had a son and the name
they used to call him was Paddy Simon. And he was like the father... like the father,
similarly light and gay and able to dance too.
One night he was walking back to Boolakeel and night fell on him quicker than he
thought it would. But he continued coming home and it was late. He had to come to the
house... go through a field that had a fairy fort in it. When he was passing it he
heard all the beautiful music in the fairy fort. He stood a while listening to it. He
couldn't have been listening for long when he started dancing. And he danced a fine
tune. And then when he had danced his tune he moved on and came home.
A small while after that Paddy took ill and was not getting any better. His father
and mother were minding him and looking after him. But he wasn't improving. And they
found it strange that he had no reason but he wouldn't eat or drink anything from
them. He was unhappy with them but when they had leftover potatoes after them at
night they would take the leftovers and they would put them on a plate on the
dresser. The next morning they could find no potatoes no matter where the went.
No-one saw them going. But nothing in the world could care for the son.
Simon was... Simon was fed up with it and would say that he was no son of his at all.
He would say that he was no son of his at all and that it was a changeling that was
before him. But he was looking after him (...). He lay on the settle one night. And
he was lying on hay in the corner with the fire beside him and Simon lying with his
head on the settle and his feet up by the fire. It wasn't long before he rose up from
the bed from the (?) corner. He sat down and he brought his two legs up to the fire.
And this was what he was singing:
Deecha daycha dow, Simon of the Shoes,
How fine he dances down on the table!"
Simon let him off but then when Simon wanted he stirred himself. And that was no
small thing (?). The sick man lay down... he threw himself in the corner, and began
complaining.
Commentary:
Parts one and two of this narrative combine to form one of a series of common stories
in Ireland concerning changelings. These were supernatural creatures that took the
place of a human. In Ireland it was common practice for people to believe that sick
children or adults were actually changelings, and that the original person had been
abducted by the fairies. Belief in changelings was not restricted to Ireland, and
appears to be a European phenomenon. The above story is linked to a migratory legend
ML 5085 The changeling. See Reider Th. Christiansen, The migratory legends (Helsinki, 1958). A more complete
analysis of the story in an Irish context can be found in Séamus Mac Philib, 'The
changeling (ML5058): Irish versions of a migratory legend in their international
context', Béaloideas 59 (1991), 123-31. Sometimes
extraordinary efforts were made to recover the person, which could result in their
injury or death. One notorious case involved the burning to death of a woman by the
name of Bridget Cleary in 1895, who was said to be a changeling. See Angela Bourke,
The burning of Bridget Cleary (New York, 1999).